2019-03-132019-03-132015Ó Ceallaigh, T.J., Leavy, A., Hourigan, M. 'An bhearna idir an teanga agus an t-ábhar a dhúnadh sa tumoideachas: Cur chuige bunaithe ar staidéar ceachta.' An Tumoideachas: Bua nó Dua? Páipéir roghnaithe ón gCéad Chomhdháil Taighde Uile-Oileánda ar an Tumoideachas. 15-16 Bealtaine 2015 Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, Éire. Eagarthóirí: T.J. Ó Ceallaigh agus Muiris Ó Laoire.978-0-9572986-8-2http://hdl.handle.net/10395/2723An bhearna idir an teanga agus an t-ábhar a dhúnadh sa tumoideachas: Cur chuige bunaithe ar staidéar ceachta.Tá sé léirithe sa taighde go bhfuil éifeacht leis an bhFoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha (FCÁT) i suíomhanna teanga éagsúla. Mar sin féin, níl tuiscint iomlán againn fós ar chomhtháthú teangacha agus ábhar in oideolaíocht an oideachais lán-Ghaeilge. Tugtar tuairisc san alt seo ar conas a thacaigh speisialtóireacht churaclaim i FCÁT, inar díríodh ar theagasc na matamaitice i seomra ranga lán-Ghaeilge, le múinteoirí bunscoile réamhsheirbhíse an bhearna idir an teanga agus an t-ábhar (matamaitice) a dhúnadh sa tumoideachas. Baineadh leas sa staidéar taighde as an Staidéar Ceachta mar chreat struchtúrach chun ceachtanna matamaitice a dhearadh i suíomhanna tumoideachais. Bailíodh sonraí cáilíochtúla ó fhoinsí éagsúla, mar shampla pleananna ceachta na mac léinn, cuir i láthair, machnamh, agus breathnóireachtaí ar an teagasc sa seomra ranga. Soláthraítear leis na torthaí léargais ar leith ar a chasta atá sé ceachtanna ábhair a dhearadh agus a chur i bhfeidhm i suíomhanna tumoideachais. Léirítear freisin leis na torthaí go mbíonn deacrachtaí ag múinteoirí réamhsheirbhíse tuiscint a fháil ar chastacht an teagaisc chothrom teangacha agus ábhar sa tumoideachas. Soláthraítear fianaise leis an taighde seo ina dtaispeántar a éifeachtaí atá próiseas an staidéir ceachta mar atá curtha in iúl le tuiscintí feabhsaithe, saineolas comhroinnte, bailiú eolais, agus dearcthaí úra ar FCÁT arna léiriú ag na rannpháirtithe.glehttps://www.cogg.ie/wp-content/uploads/an-tumoideachas-bua-no-dua.pdfTeangat-ÁbharTumoideachasBunaitheStaidéar ceachtaAn bhearna idir an teanga agus an t-ábhar a dhúnadh sa tumoideachas: Cur chuige bunaithe ar staidéar ceachtaConference lecture