2026-04-162026-04-162025-11https://hdl.handle.net/10395/3595Ba tháilliúir agus file é Éadbhard de Nógla (c.1700-1782) a chónaigh i gCathair Chorcaí i lár na hochtú haoise déag. Maireann a shaothar liteartha i lámhscríbhinní Gaeilge ón ochtú agus ón naoú haois déag i gcartlanna timpeall an domhain. Cosúil le filí eile ón tréimhse seo, tagraíonn a chuid fhilíochta do réimse leathan téamaí ó chúrsaí polaitíochta go nithe pearsanta: an Seacaibíteachas, cogaí Eorpacha, an chléir Chaitliceach, na péindlíthe, cairdeas, mná, rómáns, an tseanaois agus cúrsaí áitiúla agus sóisialta ina measc. An t-aon difríocht idir an Nóglach agus fili eile a linne ná nach bhfuil a shaothar in eagar nó i gcló le staidéar cuimsitheach déanta air. Réiteoidh an tráchtas seo an fhadhb seo agus tabharfar faoi ar shlí ildisciplíneach. Mar eagrán úrnua de théacs is daichead, ó fhile a ligeadh i ndearmad, in eagar don chéad uair le nótaí téacsúla, plé ar mheadarachtaí, stíl agus fhoinsí gach téacs, táthar ag súil go gcuirfidh sé go mór le scoláireacht na Gaeilge. Cé go dtaispeántar tábhacht liteartha an Nóglaigh i dtráchtaireacht liteartha na Gaeilge ó Risteárd Ó Foghludha go dtí Breandán Ó Buachalla, táthar súil go gcuirfidh an tráchtas seo go mór le staireagrafaíocht na hochtú haoise déag. Sa ghort seo, déanfar iniúchadh cúramach ar shaothar an Nóglaigh is léireofar saibhreas a chuid filíochta mar fhoinse luachmhar don stair shóisialta, agus comhlánóidh sé an saothar atá déanta cheana ar théamaí polaitiúla ag leithéidí Vincent Morley agus Éamonn Ó Ciardha. Tabharfar aird ar théamaí nár pléadh ró-mhinic nó le chéile, mar shampla: an dátheangachas, an tseanaois, an t-uaigneas, an cairdeas agus an greann le modheolaíocht nua a chuireann an bhéim ar dhearcthaí agus meon an phobail i scríbhneoireacht na staire. Thairis sin, táthar súil gur céim chun tosaigh i ndíchoilíniú na staire atá ann sa tráchtas seo sa tslí go dtaispeánann sé luach na filíochta ar fad do stair na hochtú haoise déag agus go gcruthóidh sé sampla agus modheolaíocht nua do staidéir eile den chineál seo.otherStair na hochtú haoise déagFilíocht na hochtú haoise déagÉadbhard de nógla: saol agus saotharThesis