Gaeilge (Peer-reviewed publications)

Permanent URI for this collectionhttps://dspace.mic.ul.ie/handle/10395/27

To view a drop down list of items:Click on

Subject,Title or Author

Browse

Recent Submissions

Now showing 1 - 7 of 7
  • Item type: Item ,
    Trasteangú san oideachas lán-Ghaeilge- deiseanna agus dúshláin (Pre-published)
    (St. Mary's University College, Belfast, 2020) Ó Brolcháin, Conchúr; Ó Ceallaigh, TJ
    Is éard atá i gceist le trasteangú ná malartú córasach idir dhá theanga sa seomra ranga tumoideachais, chun tacú le foghlaim an ábhair agus le forbairt inniúlachta sa dá theanga de réir mar a théann na daltaí i dtaithí ar an dátheangachas. Ní réitíonn an trasteangú go maith le prionsabail an tumoideachais iomláin ar a bhfuil an t-oideachas Gaeltachta agus an tumoideachas lán-Ghaeilge bunaithe go daingean. Sa staidéar comparáideach seo, tugtar tuairisc ar dhearcthaí agus ar eispéiris múinteoirí i gcomhthéacsanna na Gaeltachta agus na gaelscoile i leith ról an trasteangaithe mar uirlis oideolaíoch. I measc na bhfoinsí sonraí, áirítear agallaimh aonair, fócasghrúpaí agus breathnóireachtaí sa seomra ranga. Bíodh is gur aimsíodh éagsúlachtaí i ndáil le beartais a bhain go sonrach leis an gcomhthéacs, thug na múinteoirí le fios go mbíonn coimhlint ar siúl go síoraí seasta idir úsáid chórasach chleachtadh sa tumtheanga. Ba dheacair do mhúinteoirí na buntáistí a bhaineann leis an trasteangú mar oideolaíocht thras-teanga sa tumoideachas a shainmhíniú agus a thuiscint. Soiléiríonn na torthaí taighde uiscí suaite na hoideolaíochta tras-teanga agus an fhéidearthacht atá fós le baint amach maidir le T1 sa tumoideachas.
  • Item type: Item ,
    Oideolaíocht an trasteangaithe i mbunscoileanna na hÉireann: páipéar seasaimh ar a poitéinseal i gcomhthéacsanna áirithe (Pre-published)
    (National University of Ireland, Galway, 2017) Ó Brolcháin, Conchúr
    Is fealsúnacht oideachais é an trasteangú (Trawsieithu sa Bhreatnais agus Translanguaging sa Bhéarla) atá tagtha go mór chun cinn le fiche bliain anuas i réimse an oideachais dhátheangaigh. Tagraíonn sé d’idéeolaíocht mhúinteoireachta ina ligtear do dhaltaí scoile a répertoire iomlán teanga a úsáid sa seomra ranga, chun cumarsáid éifeachtach a dhéanamh, gan a bheith teoranta do theanga ainmnithe, oifigiúil amháin. Tháinig an téarma ‘trasteangú’ chun cinn sa Bhreatain Bheag chun cur síos a dhéanamh ar na cleachtais chumarsáide atá ag daltaí dátheangacha maidir le dhá theanga a úsáid in aon cheacht amháin, ‘Translanguaging is the process of making meaning, shaping experiences, gaining understanding and knowledge through the use of two languages’ (Baker, 2011: 228). Téann an fhealsúnacht seo in aghaidh na tuisceana reatha i measc roinnt oideachasóirí, gur ceart teangacha a scaradh go hiomlán óna chéile sa seomra ranga. Tugtar saoirse do dhaltaí úsáid a bhaint as dhá theanga ionas go mbeidh siad in ann cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh agus déantar neamhaird iomlán den chur chuige ‘two solitudes’ ina scagtar dhá theanga go hiomlán óna chéile san fhoghlaim (Cummins, 2008). I mbunscoileanna na tíre seo ina bhfuil mionlach ag labhairt teanga áirithe sa seomra ranga (An Pholainnis, An Fhraincis nó An Araibis, mar shampla), chiallódh fealsúnacht mar seo go bhféadfadh an múinteoir ranga ceacht a mhúineadh trí Bhéarla (T2 na ndaltaí sin) nó trí Ghaeilge (T3 na ndaltaí), ach ina dhiaidh sin ligean dóibh an t-ábhar a phlé agus gníomhaíocht ranga a dhéanamh ina máthairtheanga féin (T1). Bheadh aiseolas le tabhairt acu trí Bhéarla tar éis na gníomhaíochta ag deireadh an cheachta agus iad ag gluaiseacht ó theanga go teanga gan constaic ar bith. Braitear anois go mbaineann buntáistí áirithe do na daltaí i gcur chuige mar seo. Láidrítear féiniúlacht na ndaltaí trí thacaíocht a léiriú dá 90 Léann Teanga: An Reiviú 2017 máthairtheanga; méadaítear ar a dtuiscint ar an ábhar idir lámha agus iad i mbun oibre sa teanga is nádúrtha dóibh, agus tugtar deis luachmhar dóibh an dátheangachas, nó an t-ilteangachas fiú, a bhaint amach (García, 2009a; García & Wei, 2014). Tá an páipéar seasaimh seo tábhachtach mar go n-aithníonn sé inmhianaitheacht agus poitéinseal oideolaíocht an trasteangaithe i suíomhanna éagsúla oideachais dhátheangaigh. Ag an am céanna, áfach, soiléirítear srianta na hidé-eolaíochta i gcomhthéacs mionteangacha atá i mbaol. Sa seomra ranga ina bhfuil an Ghaeilge á múineadh, mar shampla, léiríodh nach ndéanfaí mórán cumarsáide trí Ghaeilge nuair a thabharfaí cead do dhaltaí scoile a rogha teanga a úsáid (Hickey, 2001) agus nach féidir leo ‘aschur faoi bhrú’ (Swain, 1993) leordhóthanach a fháil chun ardchumas a bhaint amach sa sprioctheanga. Tá géarghá le hardú feasachta i dtaobh oideolaíocht an trasteangaithe agus le tuiscint a fhorbairt i measc oideachasóirí maidir le tábhacht an chomhthéacs sna suíomhanna oideachais ina gcuirtear i bhfeidhm í. Breathnófar ar dtús ar na féidearthachtaí teagaisc agus foghlama a ghabhann le hoideolaíocht an trasteangaithe.
  • Item type: Item ,
    Saintréithe an luath-oideachais ghaeltachta: léargais úra ó chás-staidéar i ngaeltacht chonamara (Pre-published)
    (National University of Ireland, Galway, 2016) Ó Brolcháin, Conchúr
    Déanfar anailís chriticiúil san alt seo, ar an múnla luath-oideachais dhátheangaigh atá i bhfeidhm i mbunscoil amháin i nGaeltacht Chonamara (Catagóir A). Breathnófar ar athróga éagsúla dá múnla oideachais lena n-áirítear: cothú an tsainspioraid Ghaeilge sa scoil, cur chuige agus idé-eolaíochtaí teagaisc na múinteoirí, straitéisí saibhriúcháin don dalta T1 agus an fhoghlaim idirdhealaitheach do dhaltaí T1 agus T2. Gné lárnach de mhodheolaíocht an taighde, inar deineadh cás-staidéar feiniméaneolaíochta, ab ea breathnóireacht struchtúrtha ar mhúinteoirí naíonán i mbun teagaisc, anailís ar dhoiciméid agus ar agallaimh neamhstruchtúrtha ar fhoireann na scoile. Sa chaoi sin tá na torthaí taighde bunaithe ar ghníomhaíochtaí na rannpháirtithe seachas ar a dtuairisc féin ar na gníomhaíochtaí sin. Nochtfar samplaí den teagasc ceannródaíoch san alt lena n-áirítear ceachtanna saibhriúcháin do dhaltaí T1, grúpáil idirdhealaithe ag trí leibhéal cumais agus tréimhse tumoideachais ina gcuirtear múineadh na mórtheanga siar go dtí Rang 1. Sonraítear go mbraitheann na deachleachtais oideolaíochta seo ar thiomantas an phríomhoide agus ar shainchleachtais an mhúinteora ranga, seachas ar mhúnla aontaithe oifigiúil an chórais. Cuirfear moltaí dea-chleachtais os comhair an léitheora ar deireadh, mar threoir do bhunscoileanna Gaeltachta atá i mbun plean teanga a dhréachtú.
  • Item type: Item ,
    Aor Phiarais Mhic Gearailt ar Sheán Paor
    (Leabhair na Linne, 2009) Ó'Cróinín, Breandán
  • Item type: Item ,
    Litir ó Risteard Ó Muirriain chun Phiarais Mhic Gearailt
    (Leabhair na Linne, 2011) Ó'Cróinín, Breandán
  • Item type: Item ,
    Filíocht Sheacaibíteach Phiarais Mhic Gearailt
    (Eighteenth-Century Ireland Society, 2007) Ó'Cróinín, Breandán
  • Item type: Item ,
    Seoirse Mac Tomáis agus Ollscoil na nDaoine
    (Mary Immaculate College, 1998) Newman, Stiofán