Saintréithe an luath-oideachais ghaeltachta: léargais úra ó chás-staidéar i ngaeltacht chonamara (Pre-published)

Loading...
Thumbnail Image

Date

Authors

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

National University of Ireland, Galway

Abstract

Déanfar anailís chriticiúil san alt seo, ar an múnla luath-oideachais dhátheangaigh atá i bhfeidhm i mbunscoil amháin i nGaeltacht Chonamara (Catagóir A). Breathnófar ar athróga éagsúla dá múnla oideachais lena n-áirítear: cothú an tsainspioraid Ghaeilge sa scoil, cur chuige agus idé-eolaíochtaí teagaisc na múinteoirí, straitéisí saibhriúcháin don dalta T1 agus an fhoghlaim idirdhealaitheach do dhaltaí T1 agus T2. Gné lárnach de mhodheolaíocht an taighde, inar deineadh cás-staidéar feiniméaneolaíochta, ab ea breathnóireacht struchtúrtha ar mhúinteoirí naíonán i mbun teagaisc, anailís ar dhoiciméid agus ar agallaimh neamhstruchtúrtha ar fhoireann na scoile. Sa chaoi sin tá na torthaí taighde bunaithe ar ghníomhaíochtaí na rannpháirtithe seachas ar a dtuairisc féin ar na gníomhaíochtaí sin. Nochtfar samplaí den teagasc ceannródaíoch san alt lena n-áirítear ceachtanna saibhriúcháin do dhaltaí T1, grúpáil idirdhealaithe ag trí leibhéal cumais agus tréimhse tumoideachais ina gcuirtear múineadh na mórtheanga siar go dtí Rang 1. Sonraítear go mbraitheann na deachleachtais oideolaíochta seo ar thiomantas an phríomhoide agus ar shainchleachtais an mhúinteora ranga, seachas ar mhúnla aontaithe oifigiúil an chórais. Cuirfear moltaí dea-chleachtais os comhair an léitheora ar deireadh, mar threoir do bhunscoileanna Gaeltachta atá i mbun plean teanga a dhréachtú.

Description

Citation

Ó Brolcháin, C. (2016) ‘Saintréithe an Luath-oideachais Ghaeltachta: Léargais Úra ó Chás-staidéar i nGaeltacht Chonamara’, Léann Teanga: An Reiviú [ar-líne], Eag. 4, lgh. 31-41, ar fáil ag: http://leannteangaanreiviu.com/node/351.