MIRR - Mary Immaculate Research Repository

    • Login
    View Item 
    •   Home
    • FACULTY OF EDUCATION
    • Department of Language and Literacy Education
    • Language and Literacy Education (Theses)
    • View Item
    •   Home
    • FACULTY OF EDUCATION
    • Department of Language and Literacy Education
    • Language and Literacy Education (Theses)
    • View Item
    JavaScript is disabled for your browser. Some features of this site may not work without it.

    Browse

    All of MIRRCommunities & CollectionsBy Issue DateAuthorsTitlesSubjectsThis CollectionBy Issue DateAuthorsTitlesSubjects

    My Account

    LoginRegister

    Resources

    How to submitCopyrightFAQs

    An teagasc ábharbhunaithe trí mheán na mionteanga: iniúchadh criticiúil ar chreidiúintí, tuiscintí agus cleachtais an mhúinteora eacnamaíochta baile san Iar-bhunscoil ghaeltachta

    Thumbnail
    View/Open
    Ní Dhuinnín, S. (2023) An teagasc ábharbhunaithe trí mheán na mionteanga iniúchadh criticiúil ar chreidiúintí, tuiscintí agus cleachtais an mhúinteora eacnamaíochta bail.pdf (5.910Mb)
    Date
    2023-10-27
    Author
    Ní Dhuinnín, Sarah
    Peer Reviewed
    No
    Metadata
    Show full item record
    Abstract
    Bhí sé mar aidhm ag an taighde seo iniúchadh criticiúil a dhéanamh ar chreidiúintí, tuiscintí agus cleachtais an mhúinteora Eacnamaíochta Baile san iar-bhunscoil Ghaeltachta. Bíodh is go bhfuil raidhse leathan litríochta sa ghort a thráchtann ar na castachtaí oideolaíochta roimh mhúinteoirí tumchláir, is beag taighde atá déanta ar an bhfeiniméan céanna i gcomhthéacs an oideachais Ghaeltachta, go háirithe an taighde sin a nochtann fíorthaithí mhúinteoirí ábhair iar-bhunleibhéil ó theacht i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Chuige sin, díríodh aird an taighde seo ar pheirspictíochtaí iarbhír seisear rannpháirtithe i gcúig iar-bhunscoil cláraithe faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. D’fhonn guth a thabhairt don taithí bharántúil rinneadh iniúchadh ar ábhar an staidéir trí lionsa na paraidíme bunathraithí. Chuathas i muinín modhanna measctha taighde agus an taighde feidhmeach mar dhearadh taighde agus baineadh úsáid as raon fairsing d’ionstraimí bailithe sonraí. Ar a bharr sin, reáchtáladh idirghabhálacha taighde ar bhonn timthriallach leis an éabhlú sa chleachtas agus sa smaointeoireacht a éascú. Cuimsíodh meonta, bonn eolais agus modhanna múinte rannpháirtithe san anailísiú ar shonraí agus thángthas ar dhá mhórthéama taighde, ina measc, Creidiúintí agus Tuiscintí Ábharbhunaithe mar aon le Cleachtas Oideolaíoch Ábharbhunaithe. Sonraíodh i bhfianaise na dtorthaí taighde cé go raibh rannpháirtithe báúil don lántumadh, gur beag tuisceana a léiríodh i dtaobh choincheap an chomhtháthaithe ábhar agus teanga i ndáil lena chur i bhfeidhm sa chleachtas teagaisc; narbh ionann inniúlacht sa teanga agus na hinniúlachtaí éigeantacha leis an oideolaíocht theangabhunaithe a chur i ngníomh; go raibh an múnla teagaisc faoi chomaoin fhorlámhas an ábhair acadúil agus nach raibh cianteagasc na héigeandála sláinte COVID-19 ina choinníoll fhabhrach le haghaidh an dea-theagaisc ábhairbhunaithe a chur chun cinn. Ar deireadh, eascraíodh moltaí ón staidéar a bhain le cleachtas agus le beartas ar mhaithe leis an idé-oideolaíocht chomhtháite a chur chun cinn thar achar an chontanaim oideachais lán-Ghaeilge.
    Keywords
    Tumoideachas
    Teagasc ábharbhunaithe
    FCÁT
    CLIL
    Oideachas Gaeltachta
    Iar-bhunscolaíocht
    Language (ISO 639-3)
    gle
    URI
    https://dspace.mic.ul.ie/handle/10395/3169
    Collections
    • Language and Literacy Education (Theses)

    DSpace software copyright © 2002-2015  DuraSpace
    Contact Us | Send Feedback
     

     


    DSpace software copyright © 2002-2015  DuraSpace
    Contact Us | Send Feedback