Gaeilge (Theses)

Permanent URI for this collectionhttps://dspace.mic.ul.ie/handle/10395/1021

To view a drop down list of items:Click on

Subject,Title or Author

Browse

Recent Submissions

Now showing 1 - 9 of 9
  • Item type: Item ,
    Scothsheanchas sheáin na Cille Mhic Criomhthain
    (2025-08-06) Mac an tSionnaigh, Seaghan
    Duine de na seanchaithe ba mhó a thug ábhar seanchais do Choimisiún Béaloideas Éireann ab ea Seán ‘na Cille’ Mac Criomhthain (1875-1955) ó Chill Maoilchéadair i gceantar Gaeltachta Chorca Dhuibhne. Os cionn míle mír seanchais idir fhilíocht, scéalta, stairseanchas agus amhráin a bhailigh Seosamh Ó Dálaigh, Seán Ó Dubhda agus Caoimhín Ó Danachair ón gCriomhthanach thar tréimhse ní ab fhaide ná fiche bliain. Iarracht atá sa tráchtas dochtúireachta seo ar an stór béaloidis agus an cineál Gaeilge a bhí aige a shuíomh ina gcomhthéacs ceart laistigh de léann na Gaeilge agus laistigh de léann an bhéaloidis idirnáisiúnta araon. Toisc líonmhaireacht an ábhair ar fad a bailíodh ón gCriomhthanach, is ar an seanchas a bhailigh Seosamh Ó Dalaigh uaidh a díríodh sa tráchtas, agus aithnítear, dá bhrí sin, nach bhfuil anseo ach an chéad chéim i dtreo tuiscint cheart a bheith againn ar an saibhreas seanchais a bhí ag an seanchaí tréitheach seo. Tugadh faoin méid sin a chur i gcrích trí chúlra an tseanchaí a scrúdú, scéal a shaoil a ríomh, cuntas a thabhairt ar an gcanúint phearsanta a bhí aige, agus eagrán dá chuid seanchais a chur i dtoll a chéile. Beidh toradh an tsaothair seo ina áis do lucht béaloidis, canúineolaíochta, staire agus socheolaíochta.
  • Item type: Item ,
    Caomhnú, cruthaitheacht agus claochlú teanga: cás-staidéar ar leagan cainte (1995-2000)
    (2023-10-24) Hickey, Kevin
    Is é príomhchuspóir an taighde seo scrúdú a dhéanamh ar leaganacha agus ar fhocail a bhíodh faoi chaibidil ag rannpháirtithe phainéal Leagan Cainte, d’fhonn is gur féidir cíoradh a dhéanamh ar fheiniméin teanga a bhaineann go dlúth le caomhnú, cruthaitheacht agus claochlú na Gaeilge. Clár é Leagan Cainte a chraoltaí gach seachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar feadh breis agus deich mbliana, áit a seoltaí litreacha isteach chuig an bpainéal agus ceisteanna ón bpobal iontu faoi ghnéithe de chruinneas agus de shaibhreas na teanga. Painéal de cheathrar cainteoirí eiseamláireacha a ghlacadh páirt ann, agus bhí chaon duine den triúr a bhíodh faoi chathaoirleacht Liam Mhic Con Iomaire ionadaíoch ar cheann de mhórchanúintí na Gaeilge. Mar chuid den fhiosrú is bonn don saothar seo, éisteadh le míreanna fuaime ón gclár agus roghnaíodh cinn ar leith de réir téamaí áirithe chun tras-scríobh agus tráchtaireacht a dhéanamh orthu. I measc na dtéamaí sin, bhí ‘Anáil an Bhéarla’, ‘Saibhreas Teanga’, ‘Éabhlóid Foclóra’, ‘An Tuiseal Ginideach’, agus ‘An Clásal Coibhneasta’. Rinneadh cur síos sa tráchtaireacht ar bhreithiúnas an phainéil i dtaobh focal nó leagan faoi leith i ngach cás, agus rinneadh comparáid ansin idir an méid sin agus a bhfuil le fáil i bhfoinsí eile. Cuireadh bunachar inchuardaithe focal agus leaganacha i dtoll a chéile ansin, bunaithe ar na míreanna tráchtaireachta, agus gearradh míreanna fuaime Leagan Cainte i dtreo is go mbeadh an t-ábhar fuaime ag gabháil leis an ábhar tras-scríofa. De bharr na saothar a scagadh mar thaca leis an taighde seo, tá claonadh traidisiúnta ann i leith na teangeolaíochta agus na sochtheangeolaíochta, maille leis an antraipeolaíocht agus an fhileolaíocht. Áirítear i measc na saothar úd, Gaeilge Chorca Dhuibhne le Diarmuid Ó Sé (2000), The Irish of Iorras Aithneach, Co. Galway le Brian Ó Curnáin (2007), agus An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh le Dónall Ó Baoill (2009). Ceann de bhuntáistí an ábhair áirithe seo is ea go gcuimsítear na mórchanúintí ar fad ann, agus go bhfuil fuaim ag gabháil leis. Lena chois sin, pléitear anseo cuid de na pointí is tábhachtaí a cíoradh i saothair thuasluaite Uí Shé, Uí Churnáin agus Uí Bhaoill, gan trácht ar a bhfuil foilsithe acu i bpáipéir agus in aistí eile, sa tslí is go dtugtar na pointí sin ar fad le chéile sa taighde seo. Ba é a tháinig chun solais de dhroim na tochailte a rinneadh ar an ábhar go bhfuil meath tagtha ar ghnéithe faoi leith de láimhseáil chruinn na habairte nó an bhriathair fhrásaigh. Áirítear sa mhéid sin an briathar féin, an dobhriathar, an réamhfhocal agus an t-ainmfhocal, rud a fhágann go gcuimsítear idir dheilbhíocht, shéimeantaic agus chomhréir sa phlé seo. Ag éirí as sin, moltar go mbainfí leas as macasamhail ábhar Leagan Cainte sa seomra ranga chun cuidiú le déagóirí Gaeltachta na gnéithe thuasluaite den teanga a shealbhú go cruinn, agus, ar bhonn idé-eolaíochta, go meabhrófaí an athuair bunsuáilcí na haeistéitice agus an tsamhail thraidisiúnta den chainteoir dúchais.
  • Item type: Item ,
    'An straiteis fiche bliain don Ghaeilge, 2010-2030' - cathair Chorcaí mar shuíomh taighde
    (2020-12-18) Brady, Vicky
    Tá pleanáil teanga don Ghaeilge ar siúl ag rialtais éagsúla ó bhunú an Stáit in Éirinn. Cheap gach rialtas ón am sin i leith pleananna éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun beogacht na teanga a chothú agus a fhorbairt sa tír. Feictear sin thar na blianta i lárnacht na Gaeilge sa chóras oideachais, i gcur chun cinn na Gaeilge sa státseirbhís, i bhfoirm iarrachtaí ar fhorbairt thionsclaíochta sna ceantair Ghaeltachta, sna hathruithe i sainmhínithe ar na ceantair Ghaeltachta thar imeacht ama, i reachtaíocht teanga agus eile. Seoladh an ‘Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, 2010- 2030’ (S20B as seo amach) i Nollaig 2010, an beartas is déanaí de bhearta an rialtais i leith na Gaeilge ó bhunú an Stáit. Is ar an Straitéis sin atá tionscnaimh fhad téarmacha an Rialtais á mbeachtú anois. Baintear leas as meascán de mhodhanna eitneagrafacha agus dioscúrsa-anailíseacha sa tráchtas seo chun anailís chuimsitheach ar an S20B a sholáthar. Molann Johnson (2015) agus eile an meascán seo de mhodhanna d’iniúchtaí i réimse na pleanála agus na mbeartas teanga os rud é go gcomhlánaíonn siad a chéile. Éascaíonn úsáid an dá chur chuige seo i dteannta a chéile pictiúr níos iomláine a fháil sa chaoi is go bhfaightear léargas ‘zúmáil-isteach, zúmáil amach’ leo (Shi, 2015). Don taighde seo, baintear leas as teicníc laistigh d’anailís ar dhioscúrsa- idirthéacsúlacht- san anailís ar an S20B féin. Le húsáid na teicníce seo is féidir guthanna gaolmhara éagsúla a thabhairt san áireamh i slí nach ndéanfaí le modhanna anailíse eile. Dar le Johnson (2015), oireann an teicníc anailíse áirithe seo do bheartais teanga os rud é go mbíonn na beartais seo ilghuthach de ghnáth. Feiniméan ilshraitheach is ea beartas teanga a thógtar agus a achtaítear trí dhioscúrsa. Anuas air sin, tugadh faoi thaighde eitneagrafach i gcathair Chorcaí mar chuid den iniúchadh. Leis an mborradh faoin nGaeilge i gceantair uirbeacha faoi láthair, socraíodh go mbeadh sé fiúntach iniúchadh a dhéanamh ar phobail na Gaeilge i suíomh cathrach. Chuige sin, tugadh faoi obair pháirce agus bhí dhá aidhm léi. Ar an gcéad dul síos, bailíodh eolas a bhaineann go sonrach leis an S20B. Bhí eolas á lorg anseo faoi fheasacht mhuintir na cathrach ina taobh go príomha, os rud é go ndíríonn bearta luatha na Straitéise go mór air sin. Bailíodh eolas chomh maith ó dhaoine sonracha a oibríonn leis an nGaeilge nó a bhíonn ag plé leis an nGaeilge sa chathair i mbealaí éagsúla chun a dtuairimí faoin S20B agus a tionchar féideartha a mheas. An dara aidhm a bhain leis an obair pháirce ná próifíl shochtheangeolaíoch a chruthú bunaithe ar an trí thoisc a luaitear sa Straitéis mar ghnéithe ar a bunaíodh í, .i. dírítear ar fhorbairtí i gcumas sa Ghaeilge, úsáid na Gaeilge agus dearcthaí dearfacha ina leith. De réir thorthaí an iniúchta, tá easpa sástachta i gcur i bhfeidhm na Straitéise go dtí seo. Tá doiléireacht faoi na struchtúir feidhmithe a bhí beartaithe le bheith freagrach as stiúradh na Straitéise. Níor cuireadh córas measúnaithe in áit chun feidhmiú na Straitéise a mheas ach oiread agus níor glacadh le moltaí a chuir saineolaithe i réimse na sochtheangeolaíochta ar fáil chuige sin. Aithnítear easpa solúbthachta sa Straitéis chomh maith, i gcomparáid le beartas teanga reatha Rialtas na Breataine Bige, mar shampla. Feictear sin i bhfianaise faisnéise teangeolaíche eile a tháinig ar an bhfód idir an dá linn (cuir i gcás torthaí an nuashonraithe ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2015), a thugann le fios go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach chun an Ghaeilge a chothú i measc a lucht labhartha laethúil. Cruthaíonn an obair pháirce a tugadh fúithi i gcathair Chorcaí mar chuid den taighde seo pictiúr cuimsitheach de chúrsaí Gaeilge na cathrach. Pictiúr casta is ea é ach is féidir roinnt tátal soiléire a tharraingt as maidir le dearcadh i leith na Gaeilge, minicíocht úsáide agus réimsí úsáide na Gaeilge sa chathair agus cumas braite sa Ghaeilge i measc na rannpháirtithe. Léiríonn an taighde seo chomh maith teip an rialtais ó thaobh feasachta ar an S20B a ardú i gcomhthéacs chathair Chorcaí, aidhm a bhí mar cheann de phríomhthosaíochtaí blianta tosaigh na Straitéise agus í á cur i bhfeidhm. Pléitear i gconclúid an tráchtais roinnt tátal a eascraíonn as an anailís, lena n-áirítear dearcadh nualiobrálach an rialtais i leith pleanála don Ghaeilge, easpa tola polaitiúla maidir le feidhmiú na S20B go dtí seo agus neamhréiteach idir aidhmeanna na Straitéise agus an fhaisnéis ar iompar teangeolaíoch an phobail mar a léirítear sna sonraí a bailíodh san obair pháirce.
  • Item type: Item ,
    Cothú agus cleachtais na filíochta: cás-staidéar ar fhilí comhaimseartha chorca dhuibhne agus uíbh ráthaigh
    (2020-12-17) Grant, Shane
    Pléann an tráchtas seo le saintaithí sé fhile dhéag comhaimseartha a bhaineann le dhá cheantar Gaeltachta i gCiarraí, Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach. Fiosraítear réimsí éagsúla de thaithí na bhfilí maidir le cleachtadh a gceirde agus maidir leis na cúinsí a chuir iad ag scríobh na filíochta. Tugtar mionchuntas ar na cúinsí leanúnacha a théann i bhfeidhm ar a meon agus ar a gcleachtais. Staidéar ildisciplíneach é seo. Tarraingítear ar léamha ó chúlraí critice éagsúla (léann na cruthaitheachta, litríocht na Gaeilge, an tsíceolaíocht chultúrtha agus an tsochtheangeolaíocht/an phleanáil teanga). Seachas na filí agus a saothar a scrúdú le lionsa téacslárnach, leagtar béim ar an gcomhthéacs ina dtarlaíonn an chruthaitheacht. Glactar seasamh an taighde gníomhaíochta rannpháirtíochta agus peirspictíocht an ‘insider-outsider’ chuig an staidéar seo. Is iad na príomhmhodhanna taighde a cuireadh i bhfeidhm ná (1) breathnóireacht; (2) ransú ar cháipéisíocht, polasaithe agus straitéisí eagras tacaíochta; (3) cíoradh ar shaothar cruthaitheach na bhfilí maidir le téamaí an tráchtais; (4) agallamh leathstruchtúrtha ar sheisear filí dhéag agus ar bheirt chinnirí cultúir/pobail déag agus (5) ceistneoir sonrach a líon an dá ghrúpa faisnéiseoirí seo. I measc phríomhthorthaí an staidéir léiríodh go raibh tábhacht nach beag ag cúlra teaghlaigh agus caipiteal cultúrtha na bhfilí ina múnlú. Bíonn tionchar lárnach ag mothúcháin i bpróiseas cruthaitheach na bhfilí agus eachtraí a raibh mothúcháin dhoimhne i gceist a chuir filí ag scríobh den gcéad uair. Tá géarchéim ann maidir leis an easpa idirghníomhaithe a bhíonn idir an pobal agus na filí. Is minic guth príobháideach an fhile chun tosaigh ina c(h)leachtas agus bíonn amhras ar na filí faoin bpobal léitheoireachta/éisteachta atá acu. Ba dhíol suntais an tarraingt a dhein cuid d’fhilí ar nuachainteoirí iad ar an bhfilíocht mar chuid de phróiseas aistrithe féiniúlachta agus an ról cinnireachta a imríonn cuid de na nuachainteoirí agus cine isteach seo (agus cuid cainteoirí dúchais go stairiúil) ar chothú na filíochta go háitiúil. Tá sraitheanna éagsúla tacaíochta ar fáil d’fhilí ach tá dúshláin ann a fhágann nach dtagann filí áirithe i dtír ar an tacaíocht sin: (1) easpa feasachta i dtaobh na tacaíochta atá ar fáil; (2) easpa airde agus straitéise na neagras tacaíochta maidir le filí Gaeilge. Bíonn deiseanna breise á bhfáil ag filí áirithe thar a chéile toisc: (1) gréasán cairde/teagmhálaithe a bheith acu; (2) caipiteal sóisialta/cultúrtha ard a bheith ag filí áirithe. Tá gá le straitéisí sonracha le dul i ngleic leis na dúshláin a phléitear sa taighde seo, agus le cinntiú go mbainfear an leas cuí as na deiseanna ar deineadh tuairisciú orthu. Is é mórthátal an taighde ná gur tháinig borradh ar chleachtadh na filíochta i gCorca Dhuibhne de bharr chúinsí éagsúla (idir chúinsí inmheánacha pearsanta an fhile féin agus chúinsí seachtracha sa timpeallacht chruthaitheach agus teanga). Baineann neamhsheasmhacht le fearainn cleachtaithe na bhfilí toisc béim a bheith ar ghníomhú daoine indibhidiúla, idir fhilí, mheantóirí agus chinnirí cultúir. Tá riosca ann go mbeidh na hábhair féideartha (“creative affordances”) a pléitear sa tráchtas ar lár amach anseo. Ní raibh na cúinsí seo ar fáil in Uíbh Ráthach agus d’fhág seo, agus toscaí eile teanga agus cultúir a rianaítear sa tráchtas, nár cothaíodh filí sa cheantar.
  • Item type: Item ,
    Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltacht: anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise
    (Mary Immaculate College, University of Limerick, 2018) Walsh, Katrina
    ‘Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltacht - anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise’ Is í aidhm an taighde seo chun a fhiosrú dé chúis go maireann an Ghaelainn i bpobal beag urlabhra in Oirdheisceart na hÉireann; tugadh faoin an staidéar chun na cúiseanna a bhaineann le húsáid teanga mar iompair soch-chultúrtha sa phobal seo a aithint agus chun a dh’fháilt amach dé chúis go leanann na nósanna úd ar aghaidh in ainneoin go bhfuil na próisis sheachtracha céanna le feiscint agus le brath sa cheantar seo is mar a léirítear i limistéir eile inar tharla iompú teanga. Is iad paróistí na Rinne agus an tSeanphobail an limistéar atá faoi scrúdú sa taighde seo, suite ar chósta thoir theas na tíre, leath-shlí nach mór idir Dún Garbhán i gContae Phort Láirge agus baile Eochaille i gContae Chorcaí. Ceantar atá aitheanta mar pharóistí Caitliceacha Rómhánacha agus ar a ghlaoití Gaeltacht na nDéise. Deir Ó Giollagáin gurab é Acht na nAirí agus na Rúnaithe (Leasú), 1956 a thug údarás don Rialtas (Ó Giollágáin et al 2007:26): ‘a chinneadh gur límistéirí Gaeltachta … límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus límistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d'áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra’(An tAcht Airí agus Runaithe (Leasú) 1956:3) Tá sonraíocht an staidéir seo bailithe ó shuirbhé pobail agus ó hocht n-agallamh duine ar dhuine. Reachtáileadh an staidéar seo thar tréimhse dhá bhliain le cabhair ó Chomhlacht Forbartha na nDéise.
  • Item type: Item ,
    An túrscéal stairiúil sa Ghaeilge 1993-2013
    (Mary Immaculate College, University of Limerick, 2018) Ní Choincheannain, Síle
    Tá plé á dhéanamh sa tráchtas seo ar na húrscéalta stairiúla ar fad a scríobhadh sa Ghaeilge sa tréimhse 1993 – 2013. Cúig úrscéal déag ar fad a scríobhadh idir na blianta sin agus pléitear iad go léir sa tráchtas seo. Sa chéad chaibidil, tá sainmhíniú an úrscéil stairiúil á phlé. Feicimid go bhfuil sé deacair sainmhíniú sásúil a thabhairt ar an seánra seo agus is minic a thagann roinnt sainmhínithe salach ar a chéile. Sa dara caibidil, féachaimid siar ar na luathúrscéalta stairiúla sa Ghaeilge ó scríobhadh an chéad úrscéal stairiúil Cormac Ua Conaill (Ua Duinnín, 1901) go Ceart na hUaighe (Ó Catháin, 1986). Sa tríú caibidil ansin, déantar suirbhé ar na húrscéalta ar fad a scríobhadh ó 1993 do dtí an bhliain 2013 in ord cróineolaíoch. Is é atá i gceist le suirbhé ná anailís a dhéanamh ar na húrscéalta sin. Sa cheathrú caibidil, pléitear na fosheánraí agus na téamaí atá soiléir le feicéail sna húrscéalta stairiúla sin - an t-úrscéal cogaidh, an t-úrscéal fantasaíochta, an t-úrscéal bleachtaireachta agus an t-úrscéal grá. Chomh maith leis sin, déantar iniúchadh ar chás na mban in úrscéalta stairiúla na Gaeilge sa cheathrú caibidil. Is é atá sa chúigiú, sa séú, agus sa seachtú caibidil ná mionphlé ar thrí úrscéal ar leith atá ar chaighdeán níos airde ná na húrscéalta eile, dar liom. Sa chuigiú caibidil, pléitear An Fear Dána (Titley, 1993), sa séú caibidil, tá plé ar Fontenoy (Mac Cóil, 2005), agus sa séú caibidil, déantar plé ar An Cléireach (Ó Scolaí, 2007). Ar deireadh ar fad, déantar iarracht ar na snáithe ar fad a shní le chéile sna conclúidí maille le sracfhéacaint a thabhairt ar a bhfuil tarlaithe sa seánra ó 2013 i leith.
  • Item type: Item ,
    Focail agus foclóireacht T. O’ Neill Lane
    (Mary Immaculate College, University of Limerick, 2011) Mac an tSionnaigh, Seaghan
    Ba é Lane’s Larger English-Irish Dictionary / Foclóir Béarla-Gaedhilge (1915) an chéad mhórfhoclóir Béarla – Gaeilge a foilsíodh sa bhfichiú haois. Fear suaithinseach éirimiúil agus duine de na pearsanra is suimiúla ó aimsir Athbheochan na Gaeilge ab ea an té a chuir an foclóir le chéile; ba é sin Timothy O’ Neill Lane ó Theampall an Ghleanntáin, (1852 – 1915). Más ea, is fíor a rá go bhfuil an foclóir agus an foclóirí araon ligthe i ndearmad ag scoláirí na Gaeilge agus na foclóireachta agus ag pobal na Gaeilge leis. Tá cúiseanna áirithe leis seo dar ndóigh, agus is gá féachaint orthu sin, ach, is ríghá chomh maith fiúntas shaothar saoil an fhir seo a aithint. Ba ar an tuiscint sin a tugadh faoin tráchtas seo. Tugtar cuntas i dtosach ar conas mar a thánasa ar an bpearsa áirithe seo ó aimsir Athbheochan na Gaeilge sa chéad áit. Ina dhiaidh sin, tugtar cuntas cuimsitheach ar a bhfuil le fáil d’eolas beathaisnéiseach do T. O’ Neill Lane, eolas a chuireas le chéile trí na daonáirimh chuí agus cáipéisí eile de chuid Charlann Náisiúnta na hÉireann a cheadú, agallaimh a chur ar ghaolta agus ar dhaoine eile in Iarthar Luimnigh a bhfuil suim acu san ábhar, agus trí nuachtáin chomhaimseartha a chuardú. Tugtar spléachadh ar an tréimhse i stair na tíre inar mhair sé agus inar foilsíodh a fhoclóir. Meabhraítear tríd síos gur “in uathadh” a ghabh O’ Neill Lane dá chuid obair foclóireachta, agus ar an ábhar sin, déantar cur síos sa tráchtas ar na modhanna oibre a bhí ag O’ Neill Lane i dtreo is go bhfoilseofaí an foclóir. Déantar plé ansin ar na foinsí ar bhain sé úsáid astu chun focail a thiomsú don fhoclóir. Déantar scrúdú ansin ar iontrálacha agus ar leagan amach an fhoclóra féin, agus ar deireadh, déantar plé ar conas mar ba cheart a shaothar a mheá mar chuid tábhachtach de stair na foclóireachta Gaeilge, agus an plé sin bunaithe ar a bhfuil ráite i dtaobh an tsaothair ó foilsíodh é an chéad lá, agus ar a bhfuil léirithe sa tráchtas féin.
  • Item type: Item ,
    Luathscríbhneoirí na hAthbheochana agus Saothrú an Phróis 1900-1916
    (2017) ; Enright, Michelle
    Is éard atá sa saothar seo ná staidéar ar cheathrar de luathscríbhneoirí na hAthbeochana. Is iad na scríbhneoirí a bheidh faoi chaibidil ná: an tAthair Peadar Ó Laoghaire; an tAthair Pádraig Ó Duinnín; Pádraig Ó Séaghdha (‘Conán Maol’); agus Pádraig Ó Séaghdha (‘Gruagach an Tobair’). Déanfar iniúchadh ar a bprós-scríbhneoireacht chruthaitheach. Tagrófar don cheathrar seo mar scríbhneoirí tuaithe toisc gur rugadh agus tógadh iad go léir laistigh de limistéar Shliabh Luachra. Beidh an réigiúnachas agus an litríocht phobail mar fhráma an taighde seo.
  • Item type: Item ,
    Iniúchadh ar ghnéithe den fhantaisíocht i ngearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile
    (Mary Immaculate College, University of Limerick, 2015-11-06) Kennedy, Siobhán Máiréad; Kennedy, Siobhán Máiréad
    Is í bunaidhm an tsaothair seo ná iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den fhantaisíocht i ngearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile, An Fear a Phléasc (1997), An Fear Nach nDéanann Gáire (2003) agus an cnuasach nua-fhoilsithe Diabhlaíocht Dé (2015). Is díol suime gur seánra leathan ina bhfuil fosheánraí le fáil í an fhantaisíocht i gcúrsaí litríochta timpeall an domhain. Is deacair, dá réir, cur síos sásúil a dhéanamh ar aon saothar i nGaeilge ná i dteanga ar bith eile a luaitear gnéithe den fhantaisíocht leo. Is mian linn mar léitheoirí a bheith in ann cur síos beacht a dhéanamh ar an gcineál scéil a thaitníonn linn agus is ábhar frustachais é nuair nach n-éiríonn linn é sin a dhéanamh. Tá súil agam a bheith in ann staidéar a dhéanamh ar thaithí an léitheora agus iad ag dul i ngleic leis an bpróiseas seo i dtaca le taighde atá déanta ag léirmheastóirí bunaithe ar rannpháirtíocht an léitheora i saothair áirithe. Ar leibhéal bunúsach, ní foláir go bhfuil míthuiscintí againn ó thaobh na fantaisíochta mar sheánra liteartha agus go mbímid rótheoranta ó thaobh úsáid an téarma ‘fantaisíocht’. Is iondúil go nglacaimid mar léitheoirí leis an lipéad a chuireann foilsitheoirí agus siopaí leabhar ar shaothair, rud a chuireann bac ar bhreis smaointeoireachta ar cheist na seánraí. Ar ndóigh, ó thaobh phróiseas na cumadóireachta de, bíonn an scríbhneoir féin dílis dá cheird níos mó ná a bheith ag iarraidh cloí le lipéad nó rangú áirithe dá chuid saothar. Gné amháin a thugann léargas dúinn ó thaobh céard is fantaisíocht ann ná an tslí ar fhorbair seánra na fantaisíochta sa litríocht go ginearálta go dtí na cineálacha saothar atá ag teacht amach do léitheoirí na linne seo. Leis an staidéar seo, beidh bonn nithiúil againn maidir le tréithe na fantaisíochta sa tseanlitríocht agus sa nualitríocht.