dc.description.abstract | Is í bunaidhm an tsaothair seo ná iniúchadh a dhéanamh ar ghnéithe den fhantaisíocht i ngearrscéalta Mhichíl Uí Chonghaile, An Fear a Phléasc (1997), An Fear Nach nDéanann Gáire (2003) agus an cnuasach nua-fhoilsithe Diabhlaíocht Dé (2015). Is díol suime gur seánra leathan ina bhfuil fosheánraí le fáil í an fhantaisíocht i gcúrsaí litríochta timpeall an domhain. Is deacair, dá réir, cur síos sásúil a dhéanamh ar aon saothar i nGaeilge ná i dteanga ar bith eile a luaitear gnéithe den fhantaisíocht leo. Is mian linn mar léitheoirí a bheith in ann cur síos beacht a dhéanamh ar an gcineál scéil a thaitníonn linn agus is ábhar frustachais é nuair nach n-éiríonn linn é sin a dhéanamh. Tá súil agam a bheith in ann staidéar a dhéanamh ar thaithí an léitheora agus iad ag dul i ngleic leis an bpróiseas seo i dtaca le taighde atá déanta ag léirmheastóirí bunaithe ar rannpháirtíocht an léitheora i saothair áirithe.
Ar leibhéal bunúsach, ní foláir go bhfuil míthuiscintí againn ó thaobh na fantaisíochta mar sheánra liteartha agus go mbímid rótheoranta ó thaobh úsáid an téarma ‘fantaisíocht’. Is iondúil go nglacaimid mar léitheoirí leis an lipéad a chuireann foilsitheoirí agus siopaí leabhar ar shaothair, rud a chuireann bac ar bhreis smaointeoireachta ar cheist na seánraí. Ar ndóigh, ó thaobh phróiseas na cumadóireachta de, bíonn an scríbhneoir féin dílis dá cheird níos mó ná a bheith ag iarraidh cloí le lipéad nó rangú áirithe dá chuid saothar. Gné amháin a thugann léargas dúinn ó thaobh céard is fantaisíocht ann ná an tslí ar fhorbair seánra na fantaisíochta sa litríocht go ginearálta go dtí na cineálacha saothar atá ag teacht amach do léitheoirí na linne seo. Leis an staidéar seo, beidh bonn nithiúil againn maidir le tréithe na fantaisíochta sa tseanlitríocht agus sa nualitríocht. | en_US |