Show simple item record

dc.contributor.creatorMac an tSionnaigh, Seaghan
dc.date.accessioned2017-11-20T12:41:31Z
dc.date.available2017-11-20T12:41:31Z
dc.date.issued2011
dc.identifier.urihttp://hdl.handle.net/10395/2132
dc.description.abstractBa é Lane’s Larger English-Irish Dictionary / Foclóir Béarla-Gaedhilge (1915) an chéad mhórfhoclóir Béarla – Gaeilge a foilsíodh sa bhfichiú haois. Fear suaithinseach éirimiúil agus duine de na pearsanra is suimiúla ó aimsir Athbheochan na Gaeilge ab ea an té a chuir an foclóir le chéile; ba é sin Timothy O’ Neill Lane ó Theampall an Ghleanntáin, (1852 – 1915). Más ea, is fíor a rá go bhfuil an foclóir agus an foclóirí araon ligthe i ndearmad ag scoláirí na Gaeilge agus na foclóireachta agus ag pobal na Gaeilge leis. Tá cúiseanna áirithe leis seo dar ndóigh, agus is gá féachaint orthu sin, ach, is ríghá chomh maith fiúntas shaothar saoil an fhir seo a aithint. Ba ar an tuiscint sin a tugadh faoin tráchtas seo. Tugtar cuntas i dtosach ar conas mar a thánasa ar an bpearsa áirithe seo ó aimsir Athbheochan na Gaeilge sa chéad áit. Ina dhiaidh sin, tugtar cuntas cuimsitheach ar a bhfuil le fáil d’eolas beathaisnéiseach do T. O’ Neill Lane, eolas a chuireas le chéile trí na daonáirimh chuí agus cáipéisí eile de chuid Charlann Náisiúnta na hÉireann a cheadú, agallaimh a chur ar ghaolta agus ar dhaoine eile in Iarthar Luimnigh a bhfuil suim acu san ábhar, agus trí nuachtáin chomhaimseartha a chuardú. Tugtar spléachadh ar an tréimhse i stair na tíre inar mhair sé agus inar foilsíodh a fhoclóir. Meabhraítear tríd síos gur “in uathadh” a ghabh O’ Neill Lane dá chuid obair foclóireachta, agus ar an ábhar sin, déantar cur síos sa tráchtas ar na modhanna oibre a bhí ag O’ Neill Lane i dtreo is go bhfoilseofaí an foclóir. Déantar plé ansin ar na foinsí ar bhain sé úsáid astu chun focail a thiomsú don fhoclóir. Déantar scrúdú ansin ar iontrálacha agus ar leagan amach an fhoclóra féin, agus ar deireadh, déantar plé ar conas mar ba cheart a shaothar a mheá mar chuid tábhachtach de stair na foclóireachta Gaeilge, agus an plé sin bunaithe ar a bhfuil ráite i dtaobh an tsaothair ó foilsíodh é an chéad lá, agus ar a bhfuil léirithe sa tráchtas féin.en_US
dc.language.isogleen_US
dc.publisherMary Immaculate College, University of Limericken_US
dc.subjectTimothy O’ Neill Lane (1852 – 1915).en_US
dc.subjectLane’s Larger English-Irish Dictionaryen_US
dc.subjectFoclóir Béarla-Gaedhilge (1915)en_US
dc.titleFocail agus foclóireacht T. O’ Neill Laneen_US
dc.typeMaster thesisen_US
dc.type.supercollectionall_mic_researchen_US
dc.type.supercollectionmic_theses_dissertationsen_US
dc.description.versionNoen_US


Files in this item

Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record