dc.contributor.creator | Walsh, Katrina | |
dc.date.accessioned | 2019-01-22T17:31:46Z | |
dc.date.available | 2019-01-22T17:31:46Z | |
dc.date.issued | 2018 | |
dc.identifier.uri | http://hdl.handle.net/10395/2583 | |
dc.description.abstract | ‘Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltacht - anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise’
Is í aidhm an taighde seo chun a fhiosrú dé chúis go maireann an Ghaelainn i bpobal beag urlabhra in Oirdheisceart na hÉireann; tugadh faoin an staidéar chun na cúiseanna a bhaineann le húsáid teanga mar iompair soch-chultúrtha sa phobal seo a aithint agus chun a dh’fháilt amach dé chúis go leanann na nósanna úd ar aghaidh in ainneoin go bhfuil na próisis sheachtracha céanna le feiscint agus le brath sa cheantar seo is mar a léirítear i limistéir eile inar tharla iompú teanga.
Is iad paróistí na Rinne agus an tSeanphobail an limistéar atá faoi scrúdú sa taighde seo, suite ar chósta thoir theas na tíre, leath-shlí nach mór idir Dún Garbhán i gContae Phort Láirge agus baile Eochaille i gContae Chorcaí. Ceantar atá aitheanta mar pharóistí Caitliceacha Rómhánacha agus ar a ghlaoití Gaeltacht na nDéise. Deir Ó Giollagáin gurab é Acht na nAirí agus na Rúnaithe (Leasú), 1956 a thug údarás don Rialtas (Ó Giollágáin et al 2007:26):
‘a chinneadh gur límistéirí Gaeltachta … límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus límistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d'áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra’(An tAcht Airí agus Runaithe (Leasú) 1956:3)
Tá sonraíocht an staidéir seo bailithe ó shuirbhé pobail agus ó hocht n-agallamh duine ar dhuine. Reachtáileadh an staidéar seo thar tréimhse dhá bhliain le cabhair ó Chomhlacht Forbartha na nDéise. | en_US |
dc.language.iso | gle | en_US |
dc.publisher | Mary Immaculate College, University of Limerick | en_US |
dc.subject | Mionteangacha | en_US |
dc.subject | Minority languages | en_US |
dc.subject | Teangeolaíocht fheidhmeach | en_US |
dc.subject | Applied linguistics | en_US |
dc.subject | An Ghaeltacht - rogha teanga | en_US |
dc.title | Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltacht: anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise | en_US |
dc.type | Doctoral thesis | en_US |
dc.type.supercollection | all_mic_research | en_US |
dc.type.supercollection | mic_theses_dissertations | en_US |
dc.description.version | No | en_US |