dc.description.abstract | Pléann an tráchtas seo le saintaithí sé fhile dhéag comhaimseartha a bhaineann le dhá cheantar Gaeltachta i gCiarraí, Corca Dhuibhne agus Uíbh Ráthach. Fiosraítear réimsí éagsúla de thaithí na bhfilí maidir le cleachtadh a gceirde agus maidir leis na cúinsí a chuir iad ag scríobh na filíochta. Tugtar mionchuntas ar na cúinsí leanúnacha a théann i bhfeidhm ar a meon agus ar a gcleachtais. Staidéar ildisciplíneach é seo. Tarraingítear ar léamha ó chúlraí critice éagsúla (léann na cruthaitheachta, litríocht na Gaeilge, an tsíceolaíocht chultúrtha agus an tsochtheangeolaíocht/an phleanáil teanga). Seachas na filí agus a saothar a scrúdú le lionsa téacslárnach, leagtar béim ar an gcomhthéacs ina dtarlaíonn an chruthaitheacht. Glactar seasamh an taighde gníomhaíochta rannpháirtíochta agus peirspictíocht an ‘insider-outsider’ chuig an staidéar seo. Is iad na príomhmhodhanna taighde a cuireadh i bhfeidhm ná (1) breathnóireacht; (2) ransú ar cháipéisíocht, polasaithe agus straitéisí eagras tacaíochta; (3) cíoradh ar shaothar cruthaitheach na bhfilí maidir le téamaí an tráchtais; (4) agallamh leathstruchtúrtha ar sheisear filí dhéag agus ar bheirt chinnirí cultúir/pobail déag agus (5) ceistneoir sonrach a líon an dá ghrúpa faisnéiseoirí seo. I measc phríomhthorthaí an staidéir léiríodh go raibh tábhacht nach beag ag cúlra teaghlaigh agus caipiteal cultúrtha na bhfilí ina múnlú. Bíonn tionchar lárnach ag mothúcháin i bpróiseas cruthaitheach na bhfilí agus eachtraí a raibh mothúcháin dhoimhne i gceist a chuir filí ag scríobh den gcéad uair. Tá géarchéim ann maidir leis an easpa idirghníomhaithe a bhíonn idir an pobal agus na filí. Is minic guth príobháideach an fhile chun tosaigh ina c(h)leachtas agus bíonn amhras ar na filí faoin bpobal léitheoireachta/éisteachta atá acu. Ba dhíol suntais an tarraingt a dhein cuid d’fhilí ar nuachainteoirí iad ar an bhfilíocht mar chuid de phróiseas aistrithe féiniúlachta agus an ról cinnireachta a imríonn cuid de na nuachainteoirí agus cine isteach seo (agus cuid cainteoirí dúchais go stairiúil) ar chothú na filíochta go háitiúil. Tá sraitheanna éagsúla tacaíochta ar fáil d’fhilí ach tá dúshláin ann a fhágann nach dtagann filí áirithe i dtír ar an tacaíocht sin: (1) easpa feasachta i dtaobh na tacaíochta atá ar fáil; (2) easpa airde agus straitéise na neagras tacaíochta maidir le filí Gaeilge. Bíonn deiseanna breise á bhfáil ag filí áirithe thar a chéile toisc: (1) gréasán cairde/teagmhálaithe a bheith acu; (2) caipiteal sóisialta/cultúrtha ard a bheith ag filí áirithe. Tá gá le straitéisí sonracha le dul i ngleic leis na dúshláin a phléitear sa taighde seo, agus le cinntiú go mbainfear an leas cuí as na deiseanna ar deineadh tuairisciú orthu. Is é mórthátal an taighde ná gur tháinig borradh ar chleachtadh na filíochta i gCorca Dhuibhne de bharr chúinsí éagsúla (idir chúinsí inmheánacha pearsanta an fhile féin agus chúinsí seachtracha sa timpeallacht chruthaitheach agus teanga). Baineann neamhsheasmhacht le fearainn cleachtaithe na bhfilí toisc béim a bheith ar ghníomhú daoine indibhidiúla, idir fhilí, mheantóirí agus chinnirí cultúir. Tá riosca ann go mbeidh na hábhair féideartha (“creative affordances”) a pléitear sa tráchtas ar lár amach anseo. Ní raibh na cúinsí seo ar fáil in Uíbh Ráthach agus d’fhág seo, agus toscaí eile teanga agus cultúir a rianaítear sa tráchtas, nár cothaíodh filí sa cheantar. | en_US |