dc.description.abstract | Tá pleanáil teanga don Ghaeilge ar siúl ag rialtais éagsúla ó bhunú an Stáit in Éirinn. Cheap
gach rialtas ón am sin i leith pleananna éagsúla chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus chun
beogacht na teanga a chothú agus a fhorbairt sa tír. Feictear sin thar na blianta i lárnacht na
Gaeilge sa chóras oideachais, i gcur chun cinn na Gaeilge sa státseirbhís, i bhfoirm iarrachtaí
ar fhorbairt thionsclaíochta sna ceantair Ghaeltachta, sna hathruithe i sainmhínithe ar na
ceantair Ghaeltachta thar imeacht ama, i reachtaíocht teanga agus eile. Seoladh an ‘Straitéis 20
Bliain don Ghaeilge, 2010- 2030’ (S20B as seo amach) i Nollaig 2010, an beartas is déanaí de
bhearta an rialtais i leith na Gaeilge ó bhunú an Stáit. Is ar an Straitéis sin atá tionscnaimh fhad
téarmacha an Rialtais á mbeachtú anois. Baintear leas as meascán de mhodhanna
eitneagrafacha agus dioscúrsa-anailíseacha sa tráchtas seo chun anailís chuimsitheach ar an
S20B a sholáthar. Molann Johnson (2015) agus eile an meascán seo de mhodhanna d’iniúchtaí
i réimse na pleanála agus na mbeartas teanga os rud é go gcomhlánaíonn siad a chéile.
Éascaíonn úsáid an dá chur chuige seo i dteannta a chéile pictiúr níos iomláine a fháil sa chaoi
is go bhfaightear léargas ‘zúmáil-isteach, zúmáil amach’ leo (Shi, 2015).
Don taighde seo, baintear leas as teicníc laistigh d’anailís ar dhioscúrsa- idirthéacsúlacht-
san anailís ar an S20B féin. Le húsáid na teicníce seo is féidir guthanna gaolmhara éagsúla a
thabhairt san áireamh i slí nach ndéanfaí le modhanna anailíse eile. Dar le Johnson (2015),
oireann an teicníc anailíse áirithe seo do bheartais teanga os rud é go mbíonn na beartais seo
ilghuthach de ghnáth. Feiniméan ilshraitheach is ea beartas teanga a thógtar agus a achtaítear
trí dhioscúrsa. Anuas air sin, tugadh faoi thaighde eitneagrafach i gcathair Chorcaí mar chuid
den iniúchadh. Leis an mborradh faoin nGaeilge i gceantair uirbeacha faoi láthair, socraíodh
go mbeadh sé fiúntach iniúchadh a dhéanamh ar phobail na Gaeilge i suíomh cathrach. Chuige
sin, tugadh faoi obair pháirce agus bhí dhá aidhm léi. Ar an gcéad dul síos, bailíodh eolas a
bhaineann go sonrach leis an S20B. Bhí eolas á lorg anseo faoi fheasacht mhuintir na cathrach
ina taobh go príomha, os rud é go ndíríonn bearta luatha na Straitéise go mór air sin. Bailíodh
eolas chomh maith ó dhaoine sonracha a oibríonn leis an nGaeilge nó a bhíonn ag plé leis an
nGaeilge sa chathair i mbealaí éagsúla chun a dtuairimí faoin S20B agus a tionchar féideartha
a mheas. An dara aidhm a bhain leis an obair pháirce ná próifíl shochtheangeolaíoch a chruthú
bunaithe ar an trí thoisc a luaitear sa Straitéis mar ghnéithe ar a bunaíodh í, .i. dírítear ar
fhorbairtí i gcumas sa Ghaeilge, úsáid na Gaeilge agus dearcthaí dearfacha ina leith.
De réir thorthaí an iniúchta, tá easpa sástachta i gcur i bhfeidhm na Straitéise go dtí seo. Tá
doiléireacht faoi na struchtúir feidhmithe a bhí beartaithe le bheith freagrach as stiúradh na
Straitéise. Níor cuireadh córas measúnaithe in áit chun feidhmiú na Straitéise a mheas ach
oiread agus níor glacadh le moltaí a chuir saineolaithe i réimse na sochtheangeolaíochta ar fáil
chuige sin. Aithnítear easpa solúbthachta sa Straitéis chomh maith, i gcomparáid le beartas
teanga reatha Rialtas na Breataine Bige, mar shampla. Feictear sin i bhfianaise faisnéise
teangeolaíche eile a tháinig ar an bhfód idir an dá linn (cuir i gcás torthaí an nuashonraithe ar
an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, 2015), a thugann
le fios go bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach chun an Ghaeilge a chothú i measc a lucht
labhartha laethúil. Cruthaíonn an obair pháirce a tugadh fúithi i gcathair Chorcaí mar chuid
den taighde seo pictiúr cuimsitheach de chúrsaí Gaeilge na cathrach. Pictiúr casta is ea é ach
is féidir roinnt tátal soiléire a tharraingt as maidir le dearcadh i leith na Gaeilge, minicíocht
úsáide agus réimsí úsáide na Gaeilge sa chathair agus cumas braite sa Ghaeilge i measc na
rannpháirtithe. Léiríonn an taighde seo chomh maith teip an rialtais ó thaobh feasachta ar an
S20B a ardú i gcomhthéacs chathair Chorcaí, aidhm a bhí mar cheann de phríomhthosaíochtaí
blianta tosaigh na Straitéise agus í á cur i bhfeidhm. Pléitear i gconclúid an tráchtais roinnt
tátal a eascraíonn as an anailís, lena n-áirítear dearcadh nualiobrálach an rialtais i leith pleanála
don Ghaeilge, easpa tola polaitiúla maidir le feidhmiú na S20B go dtí seo agus neamhréiteach
idir aidhmeanna na Straitéise agus an fhaisnéis ar iompar teangeolaíoch an phobail mar a
léirítear sna sonraí a bailíodh san obair pháirce. | en_US |