dc.description.abstract | Is é príomhchuspóir an taighde seo scrúdú a dhéanamh ar leaganacha agus ar fhocail a bhíodh faoi chaibidil ag rannpháirtithe phainéal Leagan Cainte, d’fhonn is gur féidir cíoradh a dhéanamh ar fheiniméin teanga a bhaineann go dlúth le caomhnú, cruthaitheacht agus claochlú na Gaeilge. Clár é Leagan Cainte a chraoltaí gach seachtain ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar feadh breis agus deich mbliana, áit a seoltaí litreacha isteach chuig an bpainéal agus ceisteanna ón bpobal iontu faoi ghnéithe de chruinneas agus de shaibhreas na teanga. Painéal de cheathrar cainteoirí eiseamláireacha a ghlacadh páirt ann, agus bhí chaon duine den triúr a bhíodh faoi chathaoirleacht Liam Mhic Con Iomaire ionadaíoch ar cheann de mhórchanúintí na Gaeilge. Mar chuid den fhiosrú is bonn don saothar seo, éisteadh le míreanna fuaime ón gclár agus roghnaíodh cinn ar leith de réir téamaí áirithe chun tras-scríobh agus tráchtaireacht a dhéanamh orthu. I measc na dtéamaí sin, bhí ‘Anáil an Bhéarla’, ‘Saibhreas Teanga’, ‘Éabhlóid Foclóra’, ‘An Tuiseal Ginideach’, agus ‘An Clásal Coibhneasta’. Rinneadh cur síos sa tráchtaireacht ar bhreithiúnas an phainéil i dtaobh focal nó leagan faoi leith i ngach cás, agus rinneadh comparáid ansin idir an méid sin agus a bhfuil le fáil i bhfoinsí eile. Cuireadh bunachar inchuardaithe focal agus leaganacha i dtoll a chéile ansin, bunaithe ar na míreanna tráchtaireachta, agus gearradh míreanna fuaime Leagan Cainte i dtreo is go mbeadh an t-ábhar fuaime ag gabháil leis an ábhar tras-scríofa.
De bharr na saothar a scagadh mar thaca leis an taighde seo, tá claonadh traidisiúnta ann i leith na teangeolaíochta agus na sochtheangeolaíochta, maille leis an antraipeolaíocht agus an fhileolaíocht. Áirítear i measc na saothar úd, Gaeilge Chorca Dhuibhne le Diarmuid Ó Sé (2000), The Irish of Iorras Aithneach, Co. Galway le Brian Ó Curnáin (2007), agus An Teanga Bheo: Gaeilge Uladh le Dónall Ó Baoill (2009). Ceann de bhuntáistí an ábhair áirithe seo is ea go gcuimsítear na mórchanúintí ar fad ann, agus go bhfuil fuaim ag gabháil leis. Lena chois sin, pléitear anseo cuid de na pointí is tábhachtaí a cíoradh i saothair thuasluaite Uí Shé, Uí Churnáin agus Uí Bhaoill, gan trácht ar a bhfuil foilsithe acu i bpáipéir agus in aistí eile, sa tslí is go dtugtar na pointí sin ar fad le chéile sa taighde seo. Ba é a tháinig chun solais de dhroim na tochailte a rinneadh ar an ábhar go bhfuil meath tagtha ar ghnéithe faoi leith de láimhseáil chruinn na habairte nó an bhriathair fhrásaigh. Áirítear sa mhéid sin an briathar féin, an dobhriathar, an réamhfhocal agus an t-ainmfhocal, rud a fhágann go gcuimsítear idir dheilbhíocht, shéimeantaic agus chomhréir sa phlé seo. Ag éirí as sin, moltar go mbainfí leas as macasamhail ábhar Leagan Cainte sa seomra ranga chun cuidiú le déagóirí Gaeltachta na gnéithe thuasluaite den teanga a shealbhú go cruinn, agus, ar bhonn idé-eolaíochta, go meabhrófaí an athuair bunsuáilcí na haeistéitice agus an tsamhail thraidisiúnta den chainteoir dúchais. | en_US |