Show simple item record

dc.contributor.creatorNí Dhuinnín, Sarah
dc.date.accessioned2023-10-27T10:36:54Z
dc.date.available2023-10-27T10:36:54Z
dc.date.issued2023-10-27
dc.identifier.urihttps://dspace.mic.ul.ie/handle/10395/3169
dc.description.abstractBhí sé mar aidhm ag an taighde seo iniúchadh criticiúil a dhéanamh ar chreidiúintí, tuiscintí agus cleachtais an mhúinteora Eacnamaíochta Baile san iar-bhunscoil Ghaeltachta. Bíodh is go bhfuil raidhse leathan litríochta sa ghort a thráchtann ar na castachtaí oideolaíochta roimh mhúinteoirí tumchláir, is beag taighde atá déanta ar an bhfeiniméan céanna i gcomhthéacs an oideachais Ghaeltachta, go háirithe an taighde sin a nochtann fíorthaithí mhúinteoirí ábhair iar-bhunleibhéil ó theacht i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta. Chuige sin, díríodh aird an taighde seo ar pheirspictíochtaí iarbhír seisear rannpháirtithe i gcúig iar-bhunscoil cláraithe faoin Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta. D’fhonn guth a thabhairt don taithí bharántúil rinneadh iniúchadh ar ábhar an staidéir trí lionsa na paraidíme bunathraithí. Chuathas i muinín modhanna measctha taighde agus an taighde feidhmeach mar dhearadh taighde agus baineadh úsáid as raon fairsing d’ionstraimí bailithe sonraí. Ar a bharr sin, reáchtáladh idirghabhálacha taighde ar bhonn timthriallach leis an éabhlú sa chleachtas agus sa smaointeoireacht a éascú. Cuimsíodh meonta, bonn eolais agus modhanna múinte rannpháirtithe san anailísiú ar shonraí agus thángthas ar dhá mhórthéama taighde, ina measc, Creidiúintí agus Tuiscintí Ábharbhunaithe mar aon le Cleachtas Oideolaíoch Ábharbhunaithe. Sonraíodh i bhfianaise na dtorthaí taighde cé go raibh rannpháirtithe báúil don lántumadh, gur beag tuisceana a léiríodh i dtaobh choincheap an chomhtháthaithe ábhar agus teanga i ndáil lena chur i bhfeidhm sa chleachtas teagaisc; narbh ionann inniúlacht sa teanga agus na hinniúlachtaí éigeantacha leis an oideolaíocht theangabhunaithe a chur i ngníomh; go raibh an múnla teagaisc faoi chomaoin fhorlámhas an ábhair acadúil agus nach raibh cianteagasc na héigeandála sláinte COVID-19 ina choinníoll fhabhrach le haghaidh an dea-theagaisc ábhairbhunaithe a chur chun cinn. Ar deireadh, eascraíodh moltaí ón staidéar a bhain le cleachtas agus le beartas ar mhaithe leis an idé-oideolaíocht chomhtháite a chur chun cinn thar achar an chontanaim oideachais lán-Ghaeilge.en_US
dc.language.isogleen_US
dc.subjectTumoideachasen_US
dc.subjectTeagasc ábharbhunaitheen_US
dc.subjectFCÁTen_US
dc.subjectCLILen_US
dc.subjectOideachas Gaeltachtaen_US
dc.subjectIar-bhunscolaíochten_US
dc.titleAn teagasc ábharbhunaithe trí mheán na mionteanga: iniúchadh criticiúil ar chreidiúintí, tuiscintí agus cleachtais an mhúinteora eacnamaíochta baile san Iar-bhunscoil ghaeltachtaen_US
dc.typeDoctoral thesisen_US
dc.type.supercollectionall_mic_researchen_US
dc.type.supercollectionmic_theses_dissertationsen_US
dc.description.versionNoen_US


Files in this item

Thumbnail

This item appears in the following Collection(s)

Show simple item record